Mar ghníomhaireacht rialála, tá ról ceannasach ag EASA in “Déanamh Rialacha” san eitlíocht shibhialta, an próiseas chun ábhar rialála a fhorbairt agus a chothabháil.
Bíonn gá le leasuithe ar na Rialacháin atá ann cheana nó, i gcásanna áirithe, ar Rialacháin nua fiú, ó am go ham chun an leibhéal sábháilteachta a choinneáil nó a mhéadú:
- chun caighdeáin chomhshaoil níos airde a chur chun cinn; nó
- chun comhtháthú sábháilte agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nuálacha eile a chumasú.
Sampla maith den dara ceann díobh siúd is ea Tuairim EASA maidir le Soghluaisteacht Aerthráchta Nuálaigh, lenar líonadh folús rialála don choincheap nuaga sin. Leis an Tuairim sin, a foilsíodh in 2023, tugadh isteach tacar cuimsitheach ceanglas oibríochtúil le haghaidh tacsaithe aeir leictreacha le píolóta, lena gcuimsítear réimsí na n-oibríochtaí, ceadúnú na bhfoirne eitilte agus rialacha an aeir, bainistiú aerthráchta, aeracmhainneacht tosaigh agus leanúnach, agus dróin.
Ach cad is Tuairim EASA ann, conas a bhainimid amach í, agus cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Forbhreathnú ar an bpróiseas déanta rialacha
Déanta na fírinne, b’fhéidir nach é forbairt ábhar rialála an ghné is spreagúla den eitlíocht, ach is cúram fíor-riachtanach é chun a áirithiú go bhfuil an eitlíocht sábháilte.
Is próiseas ilchasta é déanamh rialacha ina bhfuil roinnt céimeanna a mhaireann roinnt míonna nó – de ghnáth – roinnt blianta. Tá páirtithe éagsúla rannpháirteach, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha, saineolaithe, páirtithe lena mbaineann, agus, i mórán cásanna, an pobal .
Tá sé tábhachtach go n-éistfidh EASA leo siúd a bhfuil an saineolas tiomnaithe acu agus leo siúd lena mbaineann. Ráthaítear é sin, i gcás inar gá, trí dhul i dteagmháil le saineolaithe, agus le páirtithe leasmhara agus páirtithe lena mbaineann chun na tograí rialála a fhorbairt, agus i ngach cás trí dhul i gcomhairle go poiblí leis na tograí rialála nó le grúpa dírithe de pháirtithe lena mbaineann agus de pháirtithe leasmhara. Ar an gcaoi sin, is féidir le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara eitlíochta a gcuid smaointe agus a dtuairimí a chur in iúl agus cur go gníomhach leis an bpróiseas.
Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh EASA trédhearcach maidir le cé leis a mbíonn sé i dteagmháil agus tograí rialála á bhforbairt aige agus maidir le cad iad na barúlacha a thug sé le linn an chomhairliúcháin a raibh tionchar acu ar an ábhar rialála deiridh agus cén chaoi a raibh tionchar acu. Dá bhrí sin, cuireann EASA an fhaisnéis sin ar fáil agus próiseas déanta rialacha á thabhairt chun críche aige.
Is é an Coimisiún Eorpach (“reachtaíocht chrua”) nó EASA (“reachtaíocht bhog”) atá freagrach as formheas críochnaitheach na rialacha.
Roinnt príomh-bhuaicphointí:
- Tá sábháilteacht ríthábhachtach i gcónaí: Glacann le EASA go mbíonn ardleibhéal sábháilteachta san eitlíocht ann i gcónaí, gan eisceacht. Agus rialacha nua nó leasuithe orthu á moladh, ráthaíonn EASA i gcónaí go mbíonn cruthúnas ann go bhfuil an leibhéal sábháilteachta ar a laghad chomh sábháilte leis na caighdeáin atá ann faoi láthair.
- Ní tharlaíonn rialacha nua i bhfolús: mínítear an réasúnaíocht atá le gach riail nó leasú nua, tá údar cuí leis an ngá atá leo, déantar measúnú ar thionchair agus tá an próiseas trédhearcach dóibh siúd a mbeidh orthu na rialacha a chur i bhfeidhm.
Gníomhaíocht déanta rialacha a thionscnamh
Foilsítear clár déanta rialacha na Gníomhaireachta sa Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EPAS), a thugtar cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad. Smaoinigh ar EPAS mar bhíobla na sábháilteachta eitlíochta: sainaithnítear leis na príomhrioscaí sábháilteachta agus saincheisteanna eile a dhéanann difear do chóras sábháilteachta eitlíochta na hEorpa agus leagtar amach ann na gníomhaíochtaí is gá chun na rioscaí sin a mhaolú. D’fhéadfadh sé gurb é ceann de na gníomhaíochtaí maolaitheacha sin cúram déanta rialacha a thionscnamh.
Ní thagann cúram déanta rialacha (ná aon ghníomhaíocht eile in EPAS) gan choinne isteach in EPAS. Sula ndéantar é sin, déantar measúnú críochnúil, mar shampla ar riosca sábháilteachta, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le hidirghabháil ó EASA agus ar an gcaoi a bhfuil gá léi.
A luaithe a bheidh sé in am cúram déanta rialacha a thionscnamh mar a thaispeántar in EPAS, cuireann EASA in iúl don phobal go bhfuil sé in am tús a chur leis an obair ar an ngníomhaíocht sin trí Théarmaí Tagartha an chúraim déanta rialacha a eisiúint. Fágann sé sin, mar shampla, gur féidir le páirtithe leasmhara a bheith ullamh chun a dtuairimí a chur in iúl.
Leis na Téarmaí Tagartha, leagtar amach an bealach don chúram déanta rialacha: mínítear an réasúnaíocht (an “cén fáth”) atá taobh thiar den ghníomhaíocht déanta rialacha agus de na modhanna oibre is gá a dhéanfaidh EASA sa phróiseas déanta rialacha (an “conas”).
I gcásanna eisceachtúla, féadfar gníomhaíocht déanta rialacha a thionscnamh fiú mura bhfuil tuairisc uirthi san eagrán is déanaí de EPAS. Téann Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA i gcomhairle ina dhiaidh sin leis an gCoimisiún Eorpach agus le Comhlachtaí Comhairleacha EASA sula dtionscnaítear an ghníomhaíocht. Cuirtear an ghníomhaíocht sin san áireamh ina dhiaidh sin sa nuashonrú EPAS seo a leanas.
Dréacht-ábhar rialála
Ullmhóidh EASA an chéad dréacht den ábhar rialála, nuair is gá, le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha amhail comhlachtaí comhairleacha na Gníomhaireachta, nó páirtithe leasmhara nó páirtithe lena mbaineann.
Féadfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a áireamh sa dréacht-ábhar rialála:
- dréacht-rialacháin;
- dréacht-mhodhanna inghlactha comhlíonta;
- dréacht-ábhar treorach;
- dréacht-sonraíochtaí deimhniúcháin;
- dréacht-sonraíochtaí mionsonraithe.
Céim an chomhairliúcháin
Téann EASA i gcomhairle le gach dréacht-ábhar rialála i bhfoirm Fógra ar Leasuithe Beartaithe chun tuairimí a bhailiú ó réimse níos leithne páirtithe leasmhara agus chun an dréacht-togra tosaigh a leasú, más gá, dá réir sin, sula n-eisítear an t-ábhar rialála deiridh.
Ag brath ar an ábhar agus ar an réimse rialála agus ar na páirtithe lena mbaineann, téann EASA i dteagmháil leis an bpobal, nó ar bhealach níos dírithe le grúpaí áirithe dá Chomhlachtaí Comhairleacha agus/nó le páirtithe eile lena mbaineann agus páirtithe leasmhara.
Tá cuid mhínitheach i ngach Fógra faoi Leasuithe Beartaithe freisin ina ndéantar cur síos ar:
- an chaoi ar forbraíodh an t-ábhar rialála;
- an fáth ar cinneadh an tsaincheist a rialáil;
- measúnú ar na tionchair (ó thaobh na sochaí, an gheilleagair, an chomhshaoil agus na comhréireachta de);
- míniú ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe leis an togra an riosca sábháilteachta a mhaolú nó aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna eile a spreag an ghníomhaíocht déanta rialacha.
Tuairim EASA
Maidir le “reachtaíocht chrua”, tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas le linn chéim an chomhairliúcháin, eisíonn EASA an dréacht-ábhar rialála críochnaitheach i bhfoirm de Thuairim. Is foilseachán oifigiúil é Tuairim EASA a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, ina bhfuil tograí le haghaidh rialachán nua nó le haghaidh leasuithe orthu. Tá cuid mhíniúcháin ann freisin agus déantar cur síos ann ar na barúlacha a fuair EASA le linn an chomhairliúcháin maidir leis an bhFógra faoi Leasuithe Beartaithe agus ar an gcaoi ar cuireadh iad siúd san áireamh.
Ról an Choimisiúin Eorpaigh
Nuair a fhoilsíonn EASA Tuairim, cuirtear tús leis an bpróiseas reachtach sa Choimisiún Eorpach agus, dá bhrí sin, leantar de lasmuigh de shainordú EASA. Cinnfidh an Coimisiún Eorpach cé acu ar cheart rialacháin a leasú nó a eisiúint bunaithe ar ábhar Thuairim EASA. Sa phróiseas sin, tugann an Coimisiún Eorpach páirt do Bhallstáit an AE freisin i bhfoirm éisteachtaí coiste nó grúpa saineolaithe. A luaithe a ghlacfar iad, foilsítear na Rialacháin nua nó leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tagann siad i bhfeidhm de ghnáth tar éis 20 lá. Féadfaidh idirthréimhse a bheith san áireamh leo, áfach, ar idirthréimhse í nach dtiocfaidh na ceanglais nua chun bheith infheidhme go dtí tráth níos déanaí.
Cinneadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
Maidir le “reachtaíocht bhog”, tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas le linn chéim an chomhairliúcháin, eisíonn EASA an t‐ábhar rialála deiridh i bhfoirm de Chinneadh ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA. I gcás ina mbaineann an reachtaíocht bhog sin le próiseas reachtach leanúnach laistigh den Choimisiún, e.g. le haghaidh modhanna inghlactha comhlíonta maidir le ceanglais a thugann an Coimisiún isteach i Rialachán, mar a thuairiscítear thuas, ní eiseoidh EASA a Chinneadh go dtí go nglacfar agus go bhfoilseofar na Rialacháin nua nó leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cinneadh EASA maidir le “reachtaíocht bhog” (foilsítear é ar Fhoilseachán Oifigiúil EASA (i.e. suíomh gréasáin EASA).
Dul níos doimhne ar théarmaíocht “reachtaíocht bhog” EASA
Modhanna Inghlactha Comhlíonta (AMC): caighdeáin neamhcheangailteacha arna n-eisiúint ag EASA, caighdeáin a úsáideann daoine agus eagraíochtaí chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin a léiriú.
Ábhar Treorach (GM): ábhar neamhcheangailteach arna eisiúint ag EASA, a chuidíonn le brí gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme nó sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe a léiriú, agus a úsáidtear chun tacú le léirmhíniú Rialachán (AE) 2018/1139, na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin, agus le léirmhíniú sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe.
Sonraíochtaí Deimhniúcháin (CSanna): caighdeáin theicniúla neamhcheangailteacha arna n-eisiúint ag EASA, lena léirítear na modhanna chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin a léiriú, agus a úsáideann daoine agus eagraíochtaí chun críche deimhniúcháin.
Sonraíochtaí Mionsonraithe (DSanna): caighdeáin neamhcheangailteacha arna n-eisiúint ag EASA chun Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin a chur chun feidhme.
Chun sainmhínithe a fháil ar “reachtaiocht chrua” an Aontais Eorpaigh, amhail Rialacháin, Gníomhartha Cur Chun Feidhme agus Gníomhartha Tarmligthe, féach: Cineálacha dlí AE