Is í an eitlíocht an modh iompair is sábháilte. In 2023 san Aontas Eorpach (AE), chuaigh breis agus 7.3 milliún eitilt aeriompair tráchtála chun na spéartha gan aon timpiste mharfach a bhain le hoibreoir Ballstáit EASA. Is ionann sin agus 20 000 eitilt ar an meán in aghaidh an lae – agus go leor eile paisinéirí – ag eitilt go sábháilte gach lá!
Tagann na sonraí sin ó Athbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta EASA - 2024, ach léirítear i dtuarascálacha ó bhlianta roimhe sin freisin ráta an-íseal timpistí marfacha a bhaineann le hoibreoir Ballstáit EASA. Is tuarascáil an-tábhachtach é an tAthbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta a dhéanann EASA gach bliain ina mbreathnaítear ar fheidhmíocht sábháilteachta na heitlíochta sibhialta sa bhliain roimhe sin agus ina sainaithnítear na cineálacha is coitianta teagmhas tromchúiseach agus torthaí timpistí a mbíonn roimh an eitlíocht san Eoraip sa lá inniu. Léiríonn sé tiomantas buanseasmhach EASA don tsábháilteacht eitlíochta agus iarrachtaí comhoibríocha an tionscail chun na caighdeáin sábháilteachta is airde a choinneáil.
Clúdaíonn an tAthbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta níos mó ná heitleáin mhóra tráchtála. Tugann sé aghaidh ar réimse leathan modhanna aeriompair chomh maith le codanna eile den eitlíocht shibhialta:
- eitleáin (eitleáin tráchtála, oibríochtaí speisialaithe agus neamhthráchtála);
- rótarárthaí – is fearr aithne ag an bpobal i gcoitinne orthu mar ‘héileacaptair’ (héileacaptair tráchtála, oibríochtaí speisialaithe agus neamhthráchtála);
- balúin;
- seoleitleáin (faoileoirí);
- córais aerárthaí gan foireann/dróin;
- aeradróim agus seirbhís ar an talamh;
- bainistiú aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta.
Tacaíonn an tAthbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta le sainaithint saincheisteanna sábháilteachta, a ndéantar tuilleadh measúnaithe orthu agus a dtugtar tosaíocht dóibh trí úsáid a bhaint as eispéiris Bhallstáit EASA agus an tionscail eitlíochta chun na sonraí a nascadh le tosaíochtaí straitéiseacha na Gníomhaireachta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá punann na rioscaí (liosta de shaincheisteanna sábháilteachta) chomh maith leis na tosaíochtaí sábháilteachta agus na gníomhaíochtaí maolaitheacha uile le fáil sa Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. Léigh ar aghaidh chun tuilleadh a fháil amach faoin bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta níos déanaí san alt seo.
Foinsí sonraí
Tá na sonraí a chuirtear i láthair san Athbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta bunaithe ar na tarluithe a bhailíonn an Ghníomhaireacht trí dhá fhoinse sonraí sar leith:
-
Bunachar sonraí tarluithe EASA
Cumhdaítear leis sin tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a thuairiscítear don Ghníomhaireacht agus timpistí agus teagmhais thromchúiseacha a chuireann Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta ar fud an domhain in iúl don Ghníomhaireacht. Cuirtear leis sin le faisnéis a bhailíonn EASA ó fhoinsí eile.
- Stór Lárnach Eorpach
Is é an Stór Lárnach Eorpach (ECR) an bunachar sonraí lárnach de gach tarlú agus d'fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a thuairiscítear d'údaráis inniúla Bhallstáit EASA.
An tábhacht a bhaineann le tuairisciú agus leis an bpróiseas um Bainistiú Riosca Sábháilteachta
Déantar faireachán freisin ar rátaí tuairiscithe tarluithe san Athbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta. Tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar líon na dtuairiscí toisc gur táscaire iad ar na hathruithe ar chultúr na sábháilteachta san Eoraip. Cé gur léir nach rud maith é líon ard timpistí tromchúiseacha, d’fhéadfadh féachaint ar líon mór tuairiscí mar chomhartha de chultúr maith sábháilteachta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil aghaidh á tabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Is é an córas tuairiscithe tarluithe bunús an phróisis um Bainistiú Riosca Sábháilteachta. Cuireann na tuairiscí le próiseas um Bainistiú Riosca Sábháilteachta na gníomhaireachta, a sholáthraíonn faisnéis faoi na príomhrioscaí sábháilteachta agus tugann siad córas éifeachtach don Ghníomhaireacht agus do na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí sábháilteachta is forleithne agus chun freagairt dóibh.
Is cuid lárnach den phróiseas Eorpach um Bainistiú Riosca Sábháilteachta é an tAthbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta, ina n-oibríonn EASA, na húdaráis eitlíochta náisiúnta (NAAnna), agus an tionscal le chéile chun na tosaíochtaí sábháilteachta eitlíochta don Eoraip a shainaithint.
An Próiseas um Bainistiú Riosca Sábháilteachta
1. Saincheisteanna sábháilteachta a shainaithint
2. Measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna sábháilteachta
3. Gníomhaíochtaí sábháilteachta a shainiú agus a chlárú
4. Cur chun feidhme agus obair leantach
5. Feidhmíocht sábháilteachta a thomhas
Is é an toradh a bhíonn ar an bpróiseas Eorpach um Bainistiú Riosca Sábháilteachta go ndéantar bearta sábháilteachta éagsúla sa Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EPAS).
Is é an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta príomhthagairt na sábháilteachta eitlíochta agus tá sé ar cheann de phríomhtháirge insoláthartha phróiseas um Bainistiú Riosca Sábháilteachta an AE freisin. Leagtar amach ann na tosaíochtaí agus na cuspóirí straitéiseacha sábháilteachta do chóras eitlíochta na hEorpa. Cuirtear i láthair ann freisin na príomh-shaincheisteanna sábháilteachta a dhéanann difear don chóras sin agus sainítear ann na gníomhaíochtaí is gá chun na rioscaí sin a mhaolú, chun sábháilteacht eitlíochta san Eoraip a fheabhsú tuilleadh. Is é EASA a ullmhaíonn an plean, le hionchuir theicniúla ó Chomhlachtaí Comhairleacha EASA a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit agus ar an tionscal.
Tá an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta mar bhonn freisin le gníomhaíochtaí ceaptha rialacha EASA, cúram eile a chuireann EASA i gcrích chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.
An tAthbhreithniú Bliantúil ar Shábháilteacht, an Próiseas um Bainistiú Riosca Sábháilteachta, an Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus um cheapadh rialacha – tá na gníomhaíochtaí éagsúla sin idirnasctha chun sprioc choiteann amháin de chuid EASA a bhaint amach: dea-theist láidir maidir le sábháilteacht eitlíochta a choinneáil ar bun le haghaidh shaoránaigh na hEorpa agus níos faide i gcéin.
Is féidir tuarascálacha uile den Athbhreithniú Bliantúil Sábháilteachta a sheiceáil ar EASA Pro (ar fáil i mBéarla amháin).
Bí ar an eolas i gcónaí faoin méid a fhágann go bhfuil an eitlíocht sábháilte agus faoi thuilleadh
Cláraigh ar EASA Light chun fógraí a fháil nuair a eisítear airteagail nua. Foghlaim faoi shábháilteacht eitlíochta, inbhuanaitheacht, nuálaíocht agus tuilleadh!