Tá dúshláin nua sábháilteachta sláinte don aerthaisteal tugtha chun cinn ag paindéim an choróinvíris agus tá caighdeáin nua leagtha síos ag EASA maidir le sábháilteacht eitlíochta agus folláine paisinéirí, tar éis dó obair go dlúth leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus leis an gCoimisiún Eorpach.
Mar thoradh air sin, d’eisigh EASA agus ECDC an Prótacal maidir le Sábháilteacht Sláinte Eitlíochta COVID-19, lena sainítear bearta chun sábháilteacht sláinte aerthaistealaithe agus pearsanra eitlíochta a áirithiú nuair a atosaíonn aerlínte sceidil rialta eitilte tar éis gur cuireadh go mór isteach orthu de dheasca COVID-19.
Treoir maidir le bainistíocht aerphaisinéirí
Tá achoimre déanta ag EASA agus ag ECDC ar na gnéithe is tábhachtaí den chomhairle sin don phaisinéir i bhfoirm phóstaeir:
- Pleanáil do thuras
- Ag dul chuig an aerfort
- An t-aerfort imeachta
- Ar an eitleán
- An t-aerfort isteach
Léigh é, cliceáil ar an íomhá agus féach an póstaer chun a chinntiú go mbeidh turas sláintiúil agus sábháilte agat.
Tá an póstaer ar fáil freisin i bhformáidí éagsúla leagain amach agus i dteangacha éagsúla ar EASA Pro
Ceisteanna Coitianta maidir le Sábháilteacht Sláinte Paisinéirí – COVID-19
Thiomsaigh EASA catalóg de Cheisteanna Coitianta chun cabhrú le paisinéirí aerthaistil i ndáil le COVID-19.
Féach na Ceisteanna Coitianta maidir le hullmhú le haghaidh do thurais.
Prótacal maidir le Sábháilteacht Sláinte Eitlíochta COVID-19
Seachas treoir maidir le conas paisinéirí a bhainistiú, leagtar síos freisin sa phrótacal caighdeáin d’aerfoirt, do bhaill foirne agus do lucht bainistíochta na n-aerfort.
Nuashonrófar an prótacal amach anseo chun caighdeáin a choigeartú agus is féidir leat rochtain a fháil ar an bprótacal ar EASA Pro, ár suíomh gréasáin tiomanta d’údaráis eitlíochta, don tionscal agus do ghairmithe