Tionchar an athraithe aeráide ar eitlíocht a bhainistiú

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Ceann de phríomh-mhisin EASA is ea ardleibhéal cosanta comhshaoil a bhaint amach i réimse na heitlíochta, lena n-áirítear tionchar na hearnála eitlíochta ar an aeráid a laghdú.  
Mar thoradh ar an ngéarchéim aeráide, tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm ar an eitlíocht freisin, agus tá méadú ag teacht ar líon na n-eachtraí drochaimsire as a dtagann méadú ar nochtadh na heitlíochta do ghuaiseacha aimsire.  
Tá sé fíorthábhachtach ardleibhéal sábháilteachta a choinneáil do phaisinéirí agus do ghairmithe eitlíochta. Sin an fáth a bhfuil oiriúnú na heitlíochta don athrú aeráide mar chuid de thosaíochtaí EASA. 

Conas is féidir leis an athrú aeráide tionchar a imirt ar shábháilteacht eitlíochta?

Aerfort faoi uisceSa tuarascáil Athrú Aeráide 2021 - An Bunús Eolaíochta Fisicí, míníonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go gcuireann gach méadú ar mheánteocht dhromchla an aeir leis an tionchar a bhíonn ag eachtraí drochaimsire, amhail stoirmeacha, hairicíní, tonnta teasa, frasaíocht throm, tuilte, triomach, etc.     
Is foinsí guaiseacha eachtraí drochaimsire den sórt sin (teagmháil cloichshneachta, buille tintrí, tuile rúidbhealaigh, fíaradh gaoithe ar leibhéal íseal, etc). Ina theannta sin, léiríonn oibreacha taighde go bhféadfadh an t-athrú aeráide nochtadh na heitlíochta do shuaiteacht gan scamaill a mhéadú freisin, cé nach mbaineann an ghuais sin le heachtraí drochaimsire.

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na guaiseacha sin ar na nithe seo a leanas, mar shampla:

  • oibríochtaí eitilte;
  • aeracmhainneacht an aerárthaigh (i mbeagán focal, an cumas eitilt go sábháilte) agus a fheidhmíocht;
  • iontaofacht agus feidhmíocht Bhainistíocht Aerthráchta agus threalamh Seirbhísí Aerloinseoireachta agus sheirbhísí sábháilteachta aerfort, a d’fhéadfadh a bheith laghdaithe má bhíonn siad níos noichte do dhálaí aimsire gan choinne.

Léiríonn suirbhéanna a rinne eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, amhail an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) agus EUROCONTROL, go bhfuil a lán cuideachtaí in earnáil na heitlíochta ag súil le héifeachtaí an athraithe aeráide ar a ngníomhaíochtaí nó go bhfuil tionchar ag ne héifeachtaí sin orthu cheana féin.

Obair EASA chun cabhrú le heitlíocht dul in oiriúint don athrú aeráide

In 2021, tháinig EASA ar an gconclúid gur mhinic nach raibh rochtain ag geallsealbhóirí eitlíochta ar an eolas eolaíoch ba ghá chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, agus chun an bhearna eolais sin a dhúnadh, gur ghá eolaithe agus saineolaithe eitlíochta a thabhairt le chéile.

Ansin, in 2022, sheol EASA tascfhórsa faoi threoir a Choiste Eolaíoch chun athbhreithniú agus achoimre a dhéanamh ar na hoibreacha eolaíocha ar threochtaí guaise aimsire a bhí ann san am a chuaigh thart agus a bheidh ann amach anseo.  

Na daoine a d’fhreastail ar an gcruinniú tosaigh den Líonra Eorpach maidir le Tionchar an Athraithe Aeráide ar Eitlíocht ina seasamh sa halla i gceanncheathrú EASAIna theannta sin, chuir EASA tús in 2023 leis an Líonra Eorpach maidir le Tionchar an Athraithe Aeráide ar Eitlíocht (EN-ICCA), líonra mór saineolaithe ón tionscal eitlíochta, ó údaráis eitlíochta náisiúnta, ó eagraíochtaí taighde agus ó sheirbhísí meitéareolaíocha náisiúnta. Tacaíonn an líonra sin leis na nithe seo a leanas: geallsealbhóirí eitlíochta chun ullmhú ar bhealach níos fearr d’éifeachtaí an athraithe aeráide ar shábháilteacht; agus eolaithe chun tosaíochtaí taighde a shainaithint maidir le tionchar an athraithe aeráide ar an earnáil eitlíochta.

Cabhróidh na measúnuithe agus na moltaí a dhéanfaidh Coiste Eolaíoch EASA agus EN-ICCA leis an earnáil eitlíochta agus le EASA tionchar an athraithe aeráide a bhainistiú ar an mbealach is fearr agus ardleibhéal sábháilteachta a choinneáil in eitlíocht.

Tosaíocht straitéiseach de chuid an AE is ea an t-oiriúnú don athrú aeráide

Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE), ghlac an Coimisiún Eorpach ‘Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide’ in 2021. Ina theannta sin, leis an ‘Dlí Aeráide Eorpach’, mar a thugtar air, ceanglaítear ar institiúidí an AE agus ar na Ballstáit ‘dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú’.

Bí ar an eolas – lean EASA Light

Roinnfidh EASA an fhaisnéis is déanaí maidir le hinbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil in eitlíocht. Cruthaigh cuntas agus lean EASA Light chun bheith cothrom le dáta i gcónaí!