Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol Eitlíochta 2022

Spléachadh ar chásanna stairiúla agus ar chásanna a bheidh ann amach anseo maidir le haerthrácht, torann agus astaíochtaí

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Cuireann an t-aerthaisteal ar chumas daoine eolas agus tuiscint a fháil ar áiteanna agus ar chultúir nua agus taitneamh a bhaint as an éagsúlacht ina dtimpeallacht shóisialta agus cuireann sé go mór mór lenár gcultúr féin chomh maith. Ina theannta sin, bíonn buntáistí eacnamaíocha ag baint leis agus spreagann sé nuálaíocht freisin. 
Ag an am céanna, tá saoránaigh na hEorpa ag éirí níos eolaí ar na saincheisteanna comhshaoil a bhaineann leis an aerthaisteal. Sa Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol Eitlíochta (EAER), is féidir le saoránaigh forléargas oibiachtúil a fháil ar na forbairtí suntasacha a tharla in earnáil na heitlíochta a bhaineann leis an athrú aeráide, le torann agus le cáilíocht an aeir.

EAER 2022: Dearcadh iomlánaíoch ar an eitlíocht shibhialta san Aontas

“Leathanach cumhdaigh na Tuarascála Eorpaí ar an gComhshaol Eitlíochta”D’fhoilsigh EASA an Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol Eitlíochta is déanaí i mí Mheán Fómhair 2022. Is é seo an tríú heagrán tar éis EAERanna a fhoilsiú in 2019 agus in 2016
Breathnaítear in EAER 2022 ar chásanna stairiúla agus ar chásanna a bheidh ann amach anseo ó thaobh an aerthráchta, an torainn agus na n-astaíochtaí a bhaineann leis. Tugtar achoimre sa tuarascáil freisin ar an tuiscint eolaíoch is déanaí ar na tionchair sin agus ar na bearta chun iad a laghdú. 
Go hachomair, tá sé d’aidhm aici na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:

  • Cad í feidhmíocht chomhshaoil earnáil eitlíochta na hEorpa?
  • Cén chaoi arbh fhéidir go dtiocfadh forbairt ar fheidhmíocht na hearnála amach anseo?
  • Cad iad na bearta atá i gceist le laghdú na dtionchar a bhíonn aige ar an athrú aeráide, ar an torann agus ar cháilíocht an aeir?
  • Conas is féidir leis an earnáil a leibhéal cosanta comhshaoil a fheabhsú tuilleadh?

Conas Tuarascáil Chomhshaoil na hEitlíochta Eorpaí 2022 a léamh

“Íomhá ina dtaispeántar loingseoireacht EAER 2022 ar an ngréasán”

Is féidir leagan PDF de EAER 2022 a íoslódáil agus tá sé ar fáil i bhformáid idirghníomhach ar líne lenar féidir leat nascleanúint a dhéanamh go furasta idir na rannóga éagsúla.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil i mBéarla, agus tá an Achoimre Feidhmiúcháin agus na Moltaí ar fáil i ngach teanga AE agus NA.

Réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil

Tá cur chuige ilghnéitheach ag teastáil chun an bealach i dtreo dhícharbónú na hearnála eitlíochta a bhaint amach. Díríonn EAER 2022 ar chúig phríomhréimse inar féidir leibhéal na cosanta comhshaoil a fheabhsú.

Inneall aerárthaigh
Teicneolaíocht & Dearadh

Ar an ábhar seo is féidir leat léamh faoi na sonraí deimhnithe is déanaí le haghaidh aerárthaí foshonacha traidisiúnta agus dearaí innill, rud a chuirfidh ar do chumas comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht chomhshaoil aerárthaí agus a n-innill. Tugtar forbhreathnú inti freisin ar an obair mhéadaitheach a bhaineann le caighdeáin nua chomhshaoil do dhearaí nua atá ag teacht chun cinn.

Eireaball aerárthaigh agus muilte gaoithe sa chúlra
Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe (SAFanna)

Is roghanna malartacha inbhuanaithe, neamhghnásúla ar scairdbhreosla iontaise-bhunaithe iad Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAFanna). Tá an t-aistriú chuig SAFanna ar cheann de na príomhbhearta chun astaíochtaí ó earnáil na heitlíochta a laghdú. Sa chaibidil seo, is féidir leat foghlaim faoi chineálacha éagsúla SAFanna, faoi cé chomh hinbhuanaithe is atá siad agus faoina bhfuil á dhéanamh chun a n-úsáid a chur chun cinn.

Bord rialaithe aerárthaigh
Bainistíocht Aerthráchta (ATM) & Aerlínte

Bíonn tionchar diúltach ag córais neamhéifeachtúla ATM ar an gcomhshaol. Sa mhír seo, léifidh tú tuilleadh faoin gcaoi ar féidir le feabhsuithe oibríochtúla dónna agus astaíochtaí iomarcacha breosla a laghdú, agus, dá bhrí sin, cur le dícharbónú na heitlíochta.

“Fear ag féachaint ar scáileán faisnéise eitilte”
Aerfoirt

Bíonn ról tábhachtach ag aerfoirt in earnáil na heitlíochta i gcoitinne. Is féidir leat eolas a fháil anseo faoi bhearta rialála torainn agus faoina bhfuil á dhéanamh ag leibhéal na n-aerfort chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.

Bearta Margadh-Bhunaithe (MBM)

Comhlánaíonn bearta margadhbhunaithe bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na hearnála eitlíochta ar an athrú aeráide. Sa chaibidil seo is féidir leat foghlaim faoi dhá bheart den sórt sin, mar atá Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (ETS) agus Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin ICAO don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), chomh maith le léargas a fháil ar ionstraimí praghsála carbóin atá ag teacht chun cinn agus ar ghníomhaíochtaí um chomhar idirnáisiúnta. 

 

 

Tuilleadh léitheoireachta maidir le EASA Light:

Tuilleadh léitheoireachta:

Tugadh aghaidh le linn Chomhdháil Bhliantúil Sábháilteachta EASA 2022 ar ‘Sábháilteacht Aerfoirt agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil tríd an Nuálaíocht’. Féach ar an ábhar comhdhála atá ar fáil ar líne.

Bí ar an eolas agus fan cothrom le dáta – lean EASA Light

Roinnfidh EASA an fhaisnéis is déanaí maidir le hinbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil san eitlíocht. Féach ar ár n-ailt ar EASA Light.

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun fanacht cothrom le dáta!