ReFuelEU Aviation

Cloch mhíle i ndícharbónú na heitlíochta

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Caithfear an eitlíocht a athrú le go mbeidh sí níos inbhuanaithe. I mí Dheireadh Fómhair 2023, formheasadh rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) ar a dtugtar an Rialachán “ReFuelEU Aviation”. Is tionscnamh suaitheanta é chun laghdú ar thruailliú de bharr earnáil na heitlíochta. Is tosaíocht é an comhshaol do EASA agus, faoin tionscnamh ReFuelEU, leathnaíodh ról na Gníomhaireachta i ndícharbónú na heitlíochta.

Dietmar Bloemen

Mhínigh Dietmar Bloemen, Bainisteoir Chlár Eitlíochta Inbhuanaithe EASA, do EASA Light an dóigh ar tháinig an rialachán tábhachtach seo chun cinn, na buaicphointí atá leis agus an méid lenar féidir linn a bheith ag súil ar an gcéad aistear eitlíochta eile i dtreo na hinbhuanaitheachta. 

An féidir leat cúlra an Rialacháin ‘ReFuelEU Aviation’ a mhíniú? 

In 2019, sheol an tAontas Tionscnamh an Chomhaontaithe Ghlais chun an mhór-roinn a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050.  Mar thoradh air sin, rinneadh gníomhaíochtaí breise, mar shampla, an togra maidir leis an bpacáiste um oiriúnú don sprioc 55 % chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Bhí nasc idir an tionscnamh rialála ReFuelEU Aviation agus an pacáiste “Oiriúnach do 55” agus rinne an Coimisiún Eorpach togra reachtach nithiúil ina leith sin in 2021, a foilsíodh mar rialachán ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Agus iad ag obair ar an togra rialála maidir le ReFuelEU Aviation, chinn na reachtóirí ról a thabhairt do EASA trí chúraimí áirithe a chur de chúram orainn maidir le faireachán, tuairisciú agus anailís a dhéanamh ar úsáid Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAFanna).  I gcás EASA, tagann rannpháirtíocht mar sin sa dúchas againn mar gur Gníomhaireacht Eitlíochta sinn agus toisc go bhfuilimid fréamhaithe go mór sa ghnó comhshaoil cheana féin, ach freisin toisc go bhfuilimid i riocht maith mar chomhlacht neodrach teicniúil chun sonraí íogaire eitlíochta a fháil agus a mheas. Chuireamar tacaíocht theicniúil ar fáil don Choimisiún Eorpach le linn an phróisis reachtaigh.

Cén fáth a bhfuil ReFuelEU ina chloch mhíle don eitlíocht? 

Is ionstraim bheartais an-tábhachtach é ReFuelEU Aviation a úsáidfidh an tAontas chun an eitlíocht a dhícharbónú san Eoraip trí úsáid SAFanna a chur chun cinn. Sa lá atá inniu ann, tá SAFanna fíorchostasach d’aerlínte agus is teoranta go leor a n‑infhaighteacht fosta. Mar sin, is cloch mhíle í toisc gurb é an tAontas an chéad réigiún ar domhan a bhfuil creat rialála curtha ar bun aige a chuideoidh le táirgeadh SAFanna agus le seachadadh SAFanna chuig aerlínte agus, dá bhrí sin, cruthóidh sé margadh lena méadófar na méideanna. Agus más féidir méideanna a mhéadú, laghdófar praghsanna dá bharr. 

Luaigh tú SAFanna toisc gur cuid mhór de ReFuelEU iad sin. Cad faoi fhoinsí eile fuinnimh? 

Is dócha go mbeidh roinnt réiteach ag teastáil chun an dícharbónú a bhaint amach. Ní SAFanna amháin a bheidh ann. D’fhéadfaí a áireamh ar réitigh eile feabhsuithe oibríochtúla, úsáid beart margadhbhunaithe, ach freisin úsáid teicneolaíochtaí glasa núíosacha. Agus smaoinímid anseo, mar shampla, ar aerárthach a d’fhéadfadh a bheith ann a bheadh faoi thiomáint hidrigine, nó ar aerárthaí faoi thiomáint ag cadhnraí, nó i bhfoirm hibrideach agus úsáid á baint as cadhnraí.

Theastaigh ó na reachtóirí é sin a chur san áireamh sa rialachán ReFuelEU trína áirithiú go dtosódh aerfoirt ag tuairisciú do EASA maidir lena dtionscadail chun an bonneagar a bhunú ina n‑aerfoirt. Mar sin, ní hamháin le haghaidh SAFanna ach freisin le haghaidh hidrigine chomh maith le leictreachas. Is pictiúr iomlán atá sa mhéid sin. Cumhdaíonn sé SAFanna go príomha, ach tá na heilimintí chun breathnú ar na teicneolaíochtaí núíosacha ann freisin.

Cad atá a dhéanamh ag EASA cheana féin mar chuid de ReFuelEU?

Ós rud é gur tugadh an sainordú agus gur glacadh an rialachán, táimid faoi lán seoil anois ó thaobh sinn féin a ullmhú don ról atá againn de réir na reachtaíochta. Mar sin, áirítear leis sin, mar shampla, bonneagar digiteach a chur ar bun toisc go bhfuil ár ról nasctha go mór mór le tuairisciú sonraí. Táimid ag obair go dian faoi láthair, in éineacht le conraitheoirí éagsúla, ar an mbonneagar digiteach.
Ní mór dúinn sinn féin a ullmhú freisin chun bheith in ann anailís a dhéanamh ar na sonraí a thagann isteach. Táimid ag cur go mór lenár n‑iarrachtaí, agus é á áirithiú go mbeidh an fhoireann againn agus go mbeimid réidh faoi na chéad dátaí infheidhmeachta den rialachán.

I measc na bpríomhchúraimí a leagtar ar EASA tá Tuarascáil Bhliantúil. Cad a chumhdófar inti sin agus cén tionchar a bheidh aici ar an eitlíocht a dhéanamh níos inbhuanaithe?

Is bunchloch den reachtaíocht í an Tuarascáil Bhliantúil ar chúiseanna éagsúla. Léireofar inti úsáid SAFanna ag na haerlínte, leibhéil chomhiomlánaithe d’úsáid breoslaí iontaise agus sonraí faoi thionscadail maidir le hidrigin agus leictreachas, mar a luaigh mé cheana. Cuirfear ar fáil mar chuid di freisin faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuil an margadh SAFanna ag forbairt agus maidir le praghsanna SAFanna agus breoslaí iontaise. 

Is iomaí cuspóir a bheidh ag an tuarascáil seo. Ar an gcéad dul síos, úsáidfidh na Ballstáit í chun a fhíorú an bhfuil na heilimintí rialála á gcomhlíonadh ag aerlínte agus ag aerfoirt atá faoina maoirseacht. Bunaithe ar thuarascáil EASA, féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil neamhchomhlíonadh i gceist, agus d’fhéadfadh geallsealbhóirí a bheith faoi réir pionóis.

Agus an meall mór ar deireadh, cuirfidh an tuarascáil an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas ina thaobh sin go léir freisin. Tá sé thar a bheith tábhachtach a fhíorú an bhfuil na heilimintí a glacadh sa reachtaíocht ReFuelEU éifeachtach.

Anuas air sin tá scéim lipéadaithe an Aontais. An féidir leat forléargas gairid a thabhairt dúinn?

Is tionscnamh é scéim lipéadaithe an Aontais lena gcuirfear paisinéirí ar an eolas faoi na roghanna inbhuanaithe is féidir leo a dhéanamh agus a dticéid eitilte á gcur in áirithe acu.

Inniu, ar roinnt ardán áirithinte, nuair a chuireann tú eitilt in áirithe, feicfidh tú cheana féin na hastaíochtaí CO2réamh-mheasta don eitilt sin. Is féidir leat anois comparáid a dhéanamh idir eitiltí bunaithe de réir a bhfeidhmíochta comhshaoil. Feictear do na reachtóirí sa lá atá inniu ann go bhfuil roinnt modhanna éagsúla ann chun astaíochtaí CO2 eitilte a thuar. Tá difríochtaí móra eatarthu. D’fhéadfadh easpa inchreidteachta a eascairt as sin. Ba é a chinn na reachtóirí a dhéanamh ná an measúnú sin ar lorg CO2 a chur de chúram ar chomhlacht rialála, is é sin EASA.

Ó 2025, ar bhonn deonach, féadfaidh aerlínte iarratas a dhéanamh ar EASA lipéad a fháil le haghaidh na n‑eitiltí atá á dtairiscint acu agus ansin cuirfidh EASA na loirg CO2 a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh na n‑eitiltí sin ar fáil. Uirlis faisnéise atá inti ach is féidir léi gníomhú freisin mar uirlis dreasachta d’aerlínte chun iarracht a dhéanamh na heitiltí is glaise is féidir a thairiscint.

An bhfuil gnéithe eile ann ar mhaith leat aird a tharraingt orthu maidir le ReFuelEU agus obair EASA i dtreo eitlíocht níos inbhuanaithe?

Céim mhór chun tosaigh é ReFuelEU i dtreo an dícharbónaithe. Níl ann ach túsphointe áfach, toisc ndéanfar athbhreithniú ar an reachtaíocht in 2027 chun gnéithe breise a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh.

Chun sampla amháin a thabhairt duit, ní mór don eitlíocht déileáil le tionchar na n‑astaíochtaí neamh-CO2. Cé go bhfuil ReFuelEU dírithe den chuid is mó ar astaíochtaí CO2, a bhuíochas de thaighde eolaíoch, is eol dúinn go bhfuil gáis cheaptha teasa eile ann freisin, dá ngairtear astaíochtaí neamh-CO2 de ghnáth.  Is dúshlán tábhachtach eile é sin nach mór do EASA dul i ngleic leis i gcomhar lenár bpáirtithe leasmhara agus ar féidir linn a nascadh le reachtaíocht ReFuelEU, toisc go mbeidh leibhéil na gcumhrán i mbreoslaí iontaise ar cheann de na gnéithe a chuirfimid tús le faireachán a dhéanamh orthu. Is comhpháirteanna ceimiceacha iad cumhráin ar féidir leo, trí thaise a mhealladh, conairí comhdhlúthaithe scamaill a chruthú agus iad á n‑astú ó innill aerárthaí. D’fhéadfadh éifeacht téimh a bheith ag na conairí comhdhlúthaithe scamaill seo toisc go sáinníonn siad teas dhromchla an domhain.

Measann EASA gur cúram an-tábhachtach é sin a mbeidh orainn dul i ngleic leis amach anseo.  Is é an ról a bheidh ag EASA tuilleadh eolais a dhéanamh don phlé maidir le ceapadh beartais eitlíochta comhshaoil.